Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
D’imigh sé anonn ag a dheartháir in Albain nuair a bhí sé 16 bliana d’aois in 1937. Bhí an obair furast go leor a fháil. Bhí fear eile leis darbh ainm John Simon. Go Northumberland a chuaigh Joe ar dtús agus chuaigh John go Fifeshire. Tháinig John anall arís nuair a fuair a athair bás agus ina dhiaidh sin d’imigh sé go Meiriceá agus fuair sé bás óg thall in Meiriceá.
Anonn ar bhád Dhoire a chuaigh siad, bhí sí garbh ach ba chuma leo, bhí lúcháir orthu fáil uirthi. Bhíodh an t-eallach ar an bhád fosta. Bhíodh daoine ólta agus bhíodh siad ag troid fosta. Scéal faoina uncail féin agus fear eile a bhí ag troid ar an bhád ach nuair a shroich siad Albain fuair siad jab lena chéile. | 00:07:05 | |
Na coinníollacha a bhíodh acu, bhí earraí gann go leor le linn an chogaidh ach dá mbítí ag obair ar thalamh, bhí dlí speisialta ann daofa, bhíodh siad ábalta níos mó d’achan rud a fháil. I mbotaí a bhíodh siad ina gcónaí. Tháinig sé na bhaile cúpla uair le linn na mblianta. £2 sa tseachtain an pá a bhí aige ar dtús nuair a chuaigh sé anonn. | 00:04:08 | |
An caitheamh aimsire a bhíodh acu, théadh siad go dtí an teach leanna oíche Shatharn. Bhí léir as a cheantar sa bhaile agus as Éirinn ansin.
Bhí a gcéilí féin ag achan dream. | 00:00:43 | |